Product Description
40 lch; clúdach bog; ISBN: 978-1-909907-35-5
Tá Cáitín ag taispeántas ealaíne. Buaileann tuirse í agus síneann sí siar i gceann de na saothair ealaíne. Mo léan géar, scuabann faoileán leis san aer í … agus dúisíonn Cáitín de phreab! Scéal eile é seo sa tsraith scéalta ‘Cáitín Chaoch’ leis an scríbhneoir agus ealaíontóir do pháistí, Bruno Heitz.
Brúitín Péisteanna agus Soufflé Seilidí don Lón!
Caochán í Cáitín, ainmhí beag a mhaireann faoin talamh ar Mhór-Roinn na hEorpa. Tá sí féin agus a cuid cairde — coiníní, froganna, broic is lucha — ina gcónaí sna tolláin, sna poill agus sna brocaigh atá déanta acu faoin scraith. Agus cé go bhfuil Cáitín caoch is sárchóchaire í — má thaitníonn brúitín péisteanna leat, toirtín seangán nó soufflé seilidí!!! Agus mar gur cócaire maith í, dar ndóigh, níl sí gan cairde!
Trí leabhar ar fad atá sa tsraith nua seo — Práinneach, Seal le Sorcas, agus Preab san Aer. Leabhair iad seo a d’fheilfeadh don léitheoireacht do pháistí sna meánranganna, ach, mar gheall ar an ngreann atá sna scéalta seo, is leabhair iad a d’fheilfeadh do pháistí níos sine freisin, nó dóibh siúd a bhfuil tóir mhór acu ar an léitheoireacht — agus is mór an cúnamh iad na pictiúir mhealltacha!
40 pp; paperback; ISBN: 978-1-909907-35-5, published by Leabhar Breac < Conamara, 2020,
Cáitín goes to see an art exhibition. Poor Cáitín is exhausted. She stretyches out for a snooze in one of the exhibits. But she is grabbed by a passing seagull… and she awakes suddenly! This is a new book in the collection ‘Cáitín Chaoch’ by the writer and artist Bruno Heitz.