Product Description
An bhfuil vaimpír ina chónaí ag bun an ghairdín agatsa? Vaimpír faoi leith is ea Marius a chónaíonn i ngairdín Ailfí, garsún óg. B’fhearr leis rollaí fige agus cáca milis ná fuil agus feoil. Agus buaireamh an tsaoil – idir lampaí ultraivialait agus muincí gairleoige – ag bagairt ar an gcréatúr neamh-mharbh, ní nach ionadh go n-éiríonn sé spadhrúil nuair nach dtiteann rudaí amach mar ba chóir, dar leis! Do dhaoine óga fásta (10-13) agus do dhaoine fásta óga de gach aois! Bhain an leabhar seo áit amach ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló 2012.
Dírithe ar dhéagóirí óga - 10 - 13 bliain d'aois.