Product Description
Scéal agus téacs le Colmán Ó Raghallaigh, liníocht le Barry Reynolds, foilsithe ag Cló Mhaigh Eó agus An Cartton Saloon, ar dtús i 2006, is as 2009 an cló seo.
Tagann éad ar an mbanríon, Méabh, nuair a theipeann uirthi a fear céile, Ailill, a shárú maidir le maoin agus saibhreas. Aige siúd atá an Fionnbheannach, tarbh nach bhfuil a leithéid le fáil in Éirinn. Nó an bhfuil? Seo insint bhríomhar ar an scéal is iomráití i dteanga na hÉireann, An Táin, nó Táin Bó Cuailgne mar is fearr aithne air. Tá uaisleacht, crógacht agus tragóid an bhunscéil fite fuaite go healaíonta san úrscéal grafach seo.
A graphic novel telling the legendary tale of the epic Táin Bó Cuailgne .