Product Description
Nuair a sheolann na heolaithe ar an Domhan pacáiste speisialta breithlá go Míp ar Mars, tá sí ar bís. Istigh ann, tá Blípín – róbat beag nua atá in ann eitilt – agus cara do Mhíp. Ach cén fáth, mar sin, a mhothaíonn Míp buartha faoin róbat beag nua? (Agus an dtiocfaidh siad ar na heachtráin faoi dheireadh?) Tá an scéal seo faoi leanbh úr lán le haicsean agus lán le croí.
Faoin Scríbhneoir:
Tá ceithre leabhar déag scríofa ag Máire Zepf go dtí seo, idir phictiúrleabhair do na léitheoirí is óige, úrscéalta staire agus úrscéal véarsaíochta do dhéagóirí. Tá a cuid leabhair aistrithe anois go 10 dteanga ar fud an domhain. Tá go leor duaiseanna bainte amach ag saothar Mháire, ina measc mórdhuais Ghradam Leabhar na Bliana ó Leabhair Pháistí Éireann, Gradam Réics Cárlo, 3 ghradam ‘Leabhar na Bliana’ de chuid Chumann Litearthachta na hÉireann, White Raven faoi dhó agus Gradam IBBY. Ceapadh Máire mar an chéad Chomhalta Scríbhneoireachta do Pháistí don Tuaisceart, lonnaithe in Ionad Filíochta Seamus Heaney in Ollscoil na Ríona. Is é seo an ceathrú pictiúr leabhar aici le Futa Fata.
Faoin Maisitheoir:
Maisitheoir Éireannach é Paddy Donnelly a bhfuil cónaí sa Bheilg air. Seo é an tríú phictiúrleabhar uaidh le Futa Fata. Is údar chomh maith é agus tá a chuid leabhar féin foilsithe i mBéarla, i bhFraincis, in Ollainnis, i nGréigis agus i Sínis.
On planet Mars, Míp the robot receives a very special birthday present from her friends on earth – Blípín the little robot. He’s clever, he’s friendly and he can fly! But why is Míp so sad?
Foilsithe ag Futa Fata, Conamara, 2022
Product Videos
Custom Field
Product Reviews
1 Review Hide Reviews Show Reviews
-
mip agus blipin
Well illustrated, scéal maith agus Gaelige deas s éasca.