Product Description
Ficsean do léitheoirí san aoisghrúpa 8–12.
Bíonn Trixie an madra cliste ag obair go dian gach lá in éineacht
lena mháistir,Tony an tréidlia scaipthe. Tugann Trixie an-chabhair dá mháistir –
murach an madra, bheadh cúrsaí trína chéile ag Tony agus é ag iarraidh
aire a thabhairt do na hainmhithe a thagann isteach an doras chuige!
Faoin Scríbhneoir:
Is as Cinn Mhara i gContae na Gaillimhe do Patricia Mac Eoin.
Is breá léi ainmhithe, madraí go háirithe. Dá mbeadh madra aici ba mhaith léi
go mbeadh sé chomh cliste agus chomh cróga le Trixie!
Tá go leor leabhar do pháistí aistrithe ó theangacha eile aici roimhe seo,
ach is é seo an chéad leabhar atá scríofa aici.
Faoin Maisitheoir:
Maisitheoir is ea Richard Watson a raibh peann luaidhe ina lámh aige i gcónaí
agus é ina bhuachaill óg. Chaith sé an t-am go léir ag tarraingt pictiúr ar a
chóipleabhar ar scoil…pictiúir d’ainmhithe go háirithe. Agus sin atá sé fós ag déanamh…
ach ag maisiú leabhar galánta do pháistí atá sé anois!
Trixie is a very organised dog and it’s just as well, because his master, Tony the vet is decidedly disorganised. Can Trixie help cure an exhausted race horse? An original and funny premise: Tony the absent-minded vet thinks he’s in charge, but the practise is really run by his dog, Trixie. Children will love this world of animal adventures.