Product Description
Sa leabhar seo pléann Tony a shaol polaitiúil, a shaol baile agus a chuid oibre i réimse an oideachais le ceathracha bliain.
Rugadh Tony Bromell i nGeata Tuamhumhan i Luimneach i 1932 agus tá sé ina fhinné ar na tréanathruithe atá tagtha ó shin ar an gcathair, atá anois ina lárionad tráchtála. Tá sé ina bhall dílis de pháirtí Fhianna Fáil óna óige. Chaith sé seacht mbliana déag ar Chomhairle Chathair Luimnigh agus bhí sé ina Ard-Mhéara ar an gcathair ó 1982-3. Chaith sé tréimhse ina bhall de Sheanad Éireann chomh maith. Déanann sé cur síos sa bheathaisnéis seo ar a shaol polaitiúil, mar aon leis an iliomad oibre atá déanta aige i ngort an oideachais.
Bhí páirt lárnach ag Tony Bromell sna forbairtí san oideachas sa tír seo le ceathracha bliain anuas. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an Choiste um Beart Ollscoile Luimnigh i 1958, a chuir tús leis an bhfeachtas rathúil chun ollscoil a bhunú i Luimneach. Ba é toradh an fheachtais gur bunaíodh an NIHE i Luimneach i 1970, agus gur tugadh stádas ollscoile don choláiste i 1989, uair a raibh Tony Bromell ina bhall den Seanad. Chaith sé beagnach tríocha bliain ina chláraitheoir i gColáiste Mhuire gan Smál, agus sa tréimhse sin tháinig fás ar líon na mac léinn ó 200 i 1968 go 1,700 i 1998, nuair a d’éirigh sé as. Bhí ról lárnach aige i mbunú an College of Art, Commerce and Technology (Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh anois) agus é ina Chathaoirleach ar Choiste Gairmoideachais Chathair Luimnigh. Bhí sé ina bhall den Údarás um Ard-Oideachas ó 1968-82, agus ina Uachtarán ar Chumann na Meánmhúinteoirí ó 1966-8. Déantar cur síos sa leabhar seo, leis, ar shaol pearsanta an údair. I 1961 phós sé Áine Ní Thuathaigh, amhránaí agus damhsóir aitheanta. Déanann sé cur síos ar an gcéad uair a bhuail sé le hÁine, a bpósadh agus a gclann, chomh maith lena bás tragóideach, anabaí gan í ach bliain le cois an leathchéid.
All of our books are second hand, and while you may not get the exact copy shown in the picture, all of our books are in very good condition. Removing stickers from a book may damage it, so we refrain from doing so. If you see a price sticker on a book, please ignore it.