Product Description
Sa bhliain 591, chuaigh buíon manach as Beannchar ar eachtra go himeallchríocha na Críostaíochta ag craobhscaoileadh bhriathar Dé. Is é Columbanus Naomh ba cheann feadhna orthu. I measc na ndeisceabal a thug cúl le dúchas in éineacht leis, bhí cléireach darbh ainm Ceallach. Tar éis aistear mara, seachrán agus cruatan, bhunaigh Columbanus agus Ceallach mainistreacha in oirthear na Fraince agus i ndeisceart na Gearmáine. Ach tharla easaontas eatarthu, agus rinne Ceallach cill dá chuid féin ar an uaigneas. Sankt Gallen is ainm do láthair na cille sin inniu – cathair agus ionad léinn i dtuaisceart na hEilvéise.
Ceallach: manach agus mac rí; deoraí agus díthreabhach – is é a scéal féin atá sa leabhar seo. Tá cuid de scéal na Gaeilge ann chomh maith, agus de scéal na comaoine a chuir lucht na Gaeilge ar shaoithiúlacht na hEorpa míle go leith bliain ó shin. Ceallach: níor fhill sé ar Éirinn lena bheo. Ach tá scéal a bheatha slán arís.
“The rich, poetic language draws us beautifully into Ceallach’s world.” Áine Ní Ghlinn, The Irish Times.
“Seo leabhar álainn a léifear go minic le cion is práinn … Ní bíobla lán soiscéalta is aitheanta atá anseo ach dialann taistil tráth nárbh éasca … “Sinn caite cnámhach, sinn caolghiallach, ceannscáinte, sinn criosfháiscthe cnagchosach, sinn cuasphlucach críonghéagach. Lorg síne agus slí orainn.” — Máire Ní Fhinneadha, Tuairisc.ie
In the year 591, a band of Irish monks crossed the sea to the continent in a mission to bring the Christian faith to the pagans. Saint Columbanus was their leader. Amongst the disciples who chose to leave their homeland to accompany him, was a cleric called Ceallach. After an epic sea-journey, wanderings and hardship, Columbanus and Ceallach founded monasteries in eastern France and in southern Germany. But they fell out, and Ceallach founded his own hermit’s cell in the wilderness. That place is called St Gall today – a university town in northern Switzerland. Ceallach: prince and monk; exile and hermit – this book is his story. This is our story as well, the story of the part our forebears played in European civilisation one and a half thousand years ago. Ceallach: he was never to return to his homeland. But his story lives on.