Product Description
I 1992 d’fhoilsigh Coiscéim úrscéal grinn Dhiarmuda, Ardfhear, agus aithníodh go forleathan gurbh é an Dónall ó Móráin , Ceannaire Gael Linn ag an am an t-ardfhear sin. I gcuntas iarbháis The Irish Times deirtear: ‘... thug Bord na Gaeilge treoir don Áisínteacht Dáiliúcháin Leabhar gan an t-úrscéal a scaipeadh, cé nár mhínigh an Bord cén fáth ar cuireadh bac ar dháileadh an leabhair.’ Is é a deir Pádraig Ó Baoighill: ‘Bhí féith an ghrinn i nDiarmuid agus bhí sin le feiceáil sa leabhar Ardfhear a raibh tionchar nach beag ag an tréimhse chorrach sin i nGael Linn sna hochtóidí ar chuid mhaith den ábhar san úrscéal sin.’ Deirtear i gcuntas úd The Irish Times: ‘Dúirt an scríbhneoir Risteard Ó Glaisne ag an am gur dócha go raibh níos mó cóipeanna den leabhar díolta ag an bhfoilsitheoir ó “leagadh cos air”, ná mar a dhíolfadh sé murach é’. Scríobh Colm de Faoite in Comhar, i mí Dheireadh Fómhair 1992:
Fantasaíocht álainn atá in Ardfhear. Téann an greann thar fóir ar chaoi a mheabhródh saothar Kingsley Amis, Keith Waterhouse nó David Hayes duit. Bheadh sé an-éasca sraith raidió a dhéanamh d’Ardfhear ... údar a bhfuil acmhainn grinn thar na bearta ann. Beidh caint mhór air mar scríbhneoir amach anseo. Ardleabhar! Ardúdar! Ardfhear!