Product Description
BUAITEOIR Ghradam Uí Shúilleabháin 2018.
Shiúil Liam Ó Muirthile an Camino Francés as a chéile ó Saint-Jean-Pied-de-Port go Santiago de Compostela i bhfómhar na bliana 2015. Leis féin a bhí sé agus a phaca ar a dhroim, ag fanacht sna tithe aíochta oilithreachta ar a thuras 770 km.
Breacann sé an tírdhreach dúinn agus tráchtann sé ar na daoine a casadh air. Oilithreacht pinn agus fionnachtain phearsanta í seo ina roinneann sé linn a chuid smaointe féin ar an dtír a bhfuil dlúthcheangal sinseartha ag Éirinn léi agus a ndúirt an mórfhile Spáinneach Juan Ramón Jiménez ina taobh:
‘Trí chéile, is tír í an Spáinn atá fréamhaithe go domhain sa réadúlacht, tír bhréag-reiligiúnda í, tír Chaitliceach seachas Chríostaí, eaglasta seachas spioradálta, tír phréamhacha agus chos seachas sciatháin … ar an gcúis sin is dánta misteacha iad na liricí Spáinneacha is fearr: tugann siad faoin spéir, faoin eitilt.’ Coimeádann an t-údar a dhá chos ar an dtalamh, ach ó am go ham eitlíonn sé ar an gcuma Spáinneach.
Caitheann grianghraif Moira Sweeney loinnir ealaíonta ar chonair na n-oilithreach.
All of our books are second hand, and while you may not get the exact copy shown in the picture, all of our books are in very good condition. Removing stickers from a book may damage it, so we refrain from doing so. If you see a price sticker on a book, please ignore it.