Product Description
Éire, 1652. Tá saol Úna trína chéile – tá fear uafásach darbh ainm Cromail tagtha go hÉirinn lena chuid saighdiúirí.
Tá gunnaí acu – uirlisí nua, scanrúla a d’fhéadfadh duine a mharú an toirt. Tá eagla agus imní ar na daoine, agus ní hiad siúd amháin atá thíos leis – tá Cromail ag iarraidh gach mac tíre in Éirinn a mharú, chomh tapa agus is féidir. Agus an grá atá ag Úna d’ainmhithe, an féidir léi an mac tíre deireanach sa tír a chosaint ó Chromail agus óna chuid saighdiúirí? Scéal eile lán croí agus lán eachtraíochta ó sheachtú Laureate na nÓg, Patricia Forde, údar Ar Strae agus Ó Am go hAm .
Údar
Laureate na nÓg 2023 – 2026. Is scríbhneoir dátheangach í Patricia Forde a bhfuil taithí aici ag scríobh leabhar, sraitheanna
teilifíse agus drámaí stáitse. Is údar an-aitheanta í anseo in Éirinn agus tá a saothar – idir phictiúrleabhair, leabhair caibidlí agus úrscéalta do dhaoine óga – ar fáil ar fud na cruinne. Is í a scríobh Saol faoi Shráid, sraith theilifíse a léirigh Meangadh Fíbín agus a craoladh ar Cúla 4 / TG4, agus tá sraith eile a scríobh sí, Simon Says, le feiceáil ar RTÉjr. Is é An Mac Tíre Deireanach an deichiú leabhar atá foilsithe aici le Futa Fata. Tá cónaí uirthi i nGaillimh.
Maisitheoir
As Loch Garman ó dhúchas don mhaisitheoir agus don dearthóir grafaicí Lauren O’Neill, ach tá cónaí anois uirthi i mBaile Átha Cliath. Tá a cuid oibre le feiceáil i bhfeachtais mhargaíochta, i leabhair agus i dtaispeántais. Mhaisigh Lauren an leabhar Gulliver, a fuair Aitheantas Speisialta dá chuid léaráidí ag Gradaim Leabhar Pháistí Éireann in 2016, agus Blazing a Trail, a bhain Children’s Book of the Year (Senior) Irish Book Award 2018.