Product Description
Tá Nizar i bhfad ó bhaile. B’éigean dó a bhaile sa tSiria a fhágáil nuair a thosaigh an cogadh. Tá cónaí anois air in óstán in Éirinn, agus níl a fhios aige cén fhad a bheidh sé ann. Tá an saol an-deacair ar Nizar. Ansin, lá amháin, bualann sé le cara nua, atá imithe ar strae…
Ní hionann saol Nizar anois agus saol Nizar mar a bhí. Ó bhog sé go hÉirinn lena
mháthair agus a dheirfiúracha, agus a athair fós sa tSiria, tá foghlamtha aige nach
bhfuil sé éasca an saol a chaitheamh in óstán. Nuair a thagann Nizar ar mhadra bocht
ar strae, déanann sé a dhícheall cúram a thabhairt dó. Ní hé seo an t-aon chúram nó
cúis imní atá air. Scéal é seo a bhfuil deireadh sona air, ach faightear léargas ar shaol
an dídeanaí sa soláthar díreach lena linn.
Údar
Tá rath mór ar Patricia Forde mar údar do pháistí, i mBéarla agus i nGaeilge. D’fhoilsigh Little Island leabhair dá cuid cheana agus le dhá bhliain anuas, tá sraith tagtha dá cuid ó Egmont, i Londain.
Foilsithe ag Futa Fata 2019, seo é an dara cló.