Product Description
An Ghluaiseacht: Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta - PB - 2025.
Tugann An Ghluaiseacht: Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta le chéile den chéad uair an scéal iomlán faoin nglúin radacach a sheas an fód ar son chearta mhuintir na Gaeltachta, agus an feachtas gearr, corraitheach a d’athraigh an Ghaeltacht ó bhun.
I 1969, tháinig dream óg le chéile i gConamara chun tabhairt faoi fheachtas a d’athródh todhchaí na Gaeltachta go deo. Spreagtha ag agóidíocht a bhí ag tarlú ar fud na cruinne, bunaíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta mar sheasamh in aghaidh an feall a bhí á dhéanamh ar phobal imeallaithe agus a dteanga. Insíonn an leabhar seo scéal corraitheach na Gluaiseachta:
Stáisiún raidió mídhleathach a bhunú
Ionsaithe ar pholaiteoirí
Seilbh ar fhoirgnimh rialtais
Círéibeacha le Gardaí
Feachtais toghchánaíochta agus máirseáil
Bhí an Ghluaiseacht go minic ar phríomhleathanaigh na nuachtán náisiúnta. As an agóidíocht seo, tháinig athruithe móra a chuaigh i bhfeidhm ar an Ghaeltacht, ina measc:
Saolaíodh Raidió na Gaeltachta
Bunaíodh Údarás na Gaeltachta
Athraíodh féile an Oireachtais ó bhonn
Cuireadh an síol do TG4
Crochadh comharthaí bóthair i nGaeilge amháin sna Gaeltachtaí
Spreagadh gníomhartha pobail trí chomharchumainn
Euro
British Pound