Product Description
Buaiteoir Comórtais Liteartha do Dhaoine Fásta 2020
-Oireachtas na Gaeilge
Ó bhí sí ina páiste óg, tá Levana bródúil as a dúchas Giúdach agus as na mná láidre a chuaigh roimpi. Duine acu sin í Hana
Lazare, seanmháthair Levana, a theith ina cailín óg di óna tír dhúchais i dtuaisceart na hEorpa, an t-aon duine amháin dá
muintir a tháinig slán ó shlad an Shoah. Ach nuair a thagann mearbhall intinne ar Hana i ndeireadh a saoil,
sceitheann blúirí eolais óna béal a fhágann Levana trína chéile. Seoltar an bhean óg ar aistear a thugann uirthi gach rud a dúirt a seanmháthair riamh léi a cheistiú. De réir mar a ghluaiseann an scéal ó Pháras go dtí an Bhruiséil go hiarthar na hÉireann, druideann Levana le fíorscéal a seanmháthar agus leis an tubaiste ba chúis leis an saol rúnda atá caite ag Madame Lazare.Údar
Bíonn Tadhg Mac Dhonnagáin ag plé le cineálacha éagsúla scríbhneoireachta, idir leabhair, scripteanna don scáileán agus amhráin. I measc na ngradam atá bainte ag a shaothar tá
Gradam Uí Shúilleabháin, Gradam Réics Carló, Gradam Speisialta Children’s Books Ireland agus an White Raven ón Internationale
Jugendbibliotek sa Ghearmáin. Bronnadh gradam IFTA, trí bliana i ndiaidh a chéile, ar an tsraith theilifíse AIFRIC, a chruthaigh sé i gcomhar le Paul Mercier agus Telegael. Tá a shaothar don óige foilsithe agus craolta go forleathan; san Eoraip, san Áise, san Astráil agus i Meiriceá Theas.
Seo é an chéad úrscéal uaidh, foilsithe ag Barzaz ( inphrionta nua le Futa Fata , as An Spidéal, Conamara)
Dáta Foilsithe :Meán Fómhair 2021
Údar:Tadhg Mac Dhonnagáin