Product Description
Is athinsint é An Féileacán agus an Rí ar sheanscéal grá Éadaoin agus Mhír, scéal a cumadh
breis is míle bliain ó shin. Insíonn Zepf cúlra an scéil i réamhrá gairid. Luann sí nach
raibh aon stiúir ag Éadaoin ar a saol sna seanleaganacha, ach sa leagan seo, tá smacht
ag Éadaoin ar a cinniúint féin. Tá Éadaoin agus Mír le pósadh, ach cuirtear mallacht ar
Éadaoin agus tagann cruth féileacáin bhig uirthi. Tá an leabhar seo sármhaisithe ag Shona
Shirley Macdonald. Éiríonn le Zepf scéal mealltach a insint ar bhealach simplí, le friotal
fileata in úsáid go minic. Tugann sí beocht do scéal Éadaoin agus Mhír don chéad ghlúin
eile. (Aois 8–10, 10–12)