Product Description
Athinsint álainn ar scéal Luaithrín, insithe le samhlaíocht, le drámatúlacht agus le draíocht.
“Bhí Luaithrín ina suí go moch,
Ag glanadh an tí, an cailín bocht.
Ag obair léi ó dhubh go dubh,
Gan cara aici ach cúpla luch.”
Tá Damhsa Mór fógartha i bPálás an Rí. Ach deir a leasmháthair
ghránna le Luaithrín nach bhfuil cead aici dul ann….
Tá gluaiseacht agus rithim álainn bainte amach ag an údar leis an leagan seo den scéal “Luaithrín”.
Tá Luaithrín curtha trína chéile ag a leasmháthair, Camilla, agus ag a beirt deirfiúracha gránna, Straoisín agus Smaoisín. Bainfidh páistí óga fíorthaitneamh as an ngreann atá fite fuaite sa leagan véarsaíochta seo de scéal a bhfuil cáil an domhain mhóir air!
Faoin Scríbhneoir:
Is scríbhneoir agus cumadóir amhrán, lúibíní agus agallamh beirte é Fearghas Mac
Lochlainn. Tá an iliomad duaiseanna bainte aige ag Oireachtas na Gaeilge le scór bliain
anuas. Is é a chuir Gaeilge ar AN RÁS CHUIG AN MOL THUAIDH, leabhar a bhain Gearrliosta
Ghradaim de Bhaldraithe amach. Bíonn Fearghas ag obair go rialta i gConamara leis an eagraíocht scríbhneoireachta don óige, Fighting Words.
Faoin Maisitheoir:
Is maisitheoir Éireannach é Paddy Donnelly a bhfuil cónaí air sa Bheilg. I measc na leabhar
atá maisithe aige do Futa Fata tá SCÚNC AGUS SMÚIRÍN, MÍP agus MÍP AGUS BLÍPÍN. Is údar
chomh maith é agus tá a shaothar féin aistrithe go riar teangacha, ina measc an tSínis, an Ollainnis agus an Fhraincis.
Dáta Foilsithe : Lúnasa 2022
Údar Fearghas Mac Lochlainn
Maisitheoir Paddy Donnelly