Product Description
Tá Rua breá sásta go bhfuil an deireadh seachtaine ann agus gur féidir leis luí siar ar an tolg le breathnú ar chartúin ar feadh an lae. Tá Mamaí sásta go bhfuil an deireadh seachtaine ann freisin ach tá plean iomlán éagsúl aici siúd don lá. Plean a chiallaíonn go mbeidh siad fuar, fliuch agus salach, dar le Rua. B'fhearr leis féin fanacht te, tirim agus glan - ach an éireoidh leis?
Scéal álainn a dhéanann ceiliúradh ar an domhan nádúrtha agus ar bheith neadaithe go teolaí ar an tolg i ndiaidh eactra mhór amuigh faoin spéir.
An tÚdar
Is scríbhneoir, a bhfuil gradam buaite aici dá bpictiúirleabhair, í Sadhbh Devlin. Tá an-éileamh ar na ceardlainne agus imeachtaí leabhair a chuireann sí ar fáil ar fud na tíre. Ainmníodh a leabhar, BEAG BÍDEACH (Futa Fata 2018) le haghaidh ceithre ghradam mór le rá, ina measc; Leabhar Pháistí Éireann: Leabhar na Bliana agus Gradam Réics Carló. Bhuaigh an saothair is deireanaí uaithi, GEANSAÍ OTTÓ (Futa Fata, 2020), Gradam Cumann Litearthachta na hÉireann: Leabhar na Bliana (Catagóir 0-5) i 2021.Is í an Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge 2022 le DCU í.Tá cónaí uirthi i gCo.Chill Mhantáin lena fear chéile agus beirt iníon. Is é AMUIGH FAOIN SPÉIR an cheathrú leabhar uaithi le Futa Fata.