Product Description
Tá Oisín ar a laethanta saoire ón scoil agus is breá leis dul amach ar fán sna sléibhte agus sna gleannta mórthimpeall. Tagann sé ar shean-mhapa a phriocann an fhiosracht ann. Ansin castar fear mistéireach, Mánas Mór, air agus leagann seisean cúram tromchúiseach ar Oisín. Ina dhiaidh sin tá sé sáite in eachtraí scáfara agus é ar a dhícheall na Clocha agus an Chailís a aimsiú sula mbeidh sé ródhéanach… Scéal bleachtaireachta é seo a bhfuil an draíocht agus an osnádúrthacht ag rith tríd; scéal a bhfuil teannas agus líonrith ann go dtí an deireadh ar fad.
Oisín’ s favourite pastime when on school holidays is to go exploring in the local mountains and glens. One day he finds an old map and shortly afterwards meets a man by the name of Mánas Mór. In trying to help this mysterious character Oisín finds himself caught up in all sorts of nerve-wracking adventures as he tries to find the Chalice before it is too late.
As Gaeilge san iomlán , leabhar do léitheoirí óga ( 12 suas) no foghlaimeoirí. Clúdach bog, tá ainm úinéara ar an gclúdach taobh istigh. Foilsiteh ag An Gúm 2010.