Product Description
An tOileánach - The Islandman - Eagraithe (agus SÍNITHE) ag Seán Ó Coileáin - 3 Bealtaine 2003. Is file as Corcaigh í Bernadette Nic an tSaoir, a fuair bás i 2024.
Clúdach crua, glan istigh is amuigh.
"Níl tír ná dúthaigh ná náisiún ná go dtugann duine an chraobh leis thar chách eile. Ó lasadh an chéad tine insan Oileán so, níor scríbh éinne a bheatha ná a shaol ann. Fágann san an chraobh ag an té a dhein é."
Tomás Ó Criomhthain an té sin, agus ar a shon gur air féin a bhí sé ag caint níor mhiste dho an méid sin a rá. Agus ní ó thaobh na haimsire amháin a thug se an chraobh leis ón gcuid eile acu, ach ar gach slí eile chomh maith, idir theanga agus litríochta de. Tá an téacs cóirithe thar n-ais anso ón mbunscríbhinn "chuin go mbeadh sé nua aríst le léamh". Tagann an fear agus a shaothar ar an láthair as an nua mar ná feacathas riamh cheana iad, gan d'aidhm ag an eagarthóir ach an ní a fuair sé roimis a thabhairt amach chomh cruinn agus ab fhéidir leis é, gan an chanúint a shárú ach fós gan an scéal a chur ó thuiscint ar an ngnáthléitheoir.
Euro
British Pound