Product Description
Tá Eoinín ar bís dá chéad lá ar scoil, ach níl aithne aige ar éinne san áit nua seo.
Cabhraigh le hEoinín aithne a chur ar a scoil. Meas tú an bhfuil aon chairde istigh ann?
Futa Fata 2022. Muireann Ní Chíobháin a scríobh, Róisín Hahessy a mhaisigh. 9781910945957
An tÚdar
Is scríbhneoir, craoltóir, aisteoir agus scéalaí í Muireann Ní Chíobháin. I measc na saothar atá tagtha uaithi, tá na sraitheanna teilifíse don óige: ‘Dig In Diner’, ‘Mr Mender and The Chummyjiggers’, ‘The Adventures of Muc’ atá le feiceáil ar RTÉjr.
I measc na scéalta gearra atá scríofa aici do pháistí tá bailiúchán scéalta faoi ‘LUKE’ mar chuid den tsraith teilifíse cháiliúil ‘Tell Me A story’ agus ós cionn 100 scéal do na sraitheanna ‘Shhh It’s Quiet Time’, ‘Pic a Story’ agus ‘Storytime’ atá le feiceáil ar RTÉjr. Is é seo a dara leabhar.