Product Description
Bunaíonn an scríbhneoir óg seo a úrscéal trialach nua ar cheist lárnach: cén tionchar a bhíonn ag tógáil agus ag scolaíocht Ghaeilge ar an duine? Féachann duine amháin leis sin a oibriú amach dó féin. ''D'fhás Caoilte ó Broin aníos i dteaghlach Gaelach, D'fhreastal sé ar scoil lán Ghaelach. Thug sé Cuairteanna ar an nGaeltacht in iarthar na tíre, Ach Thuig sé i gconaí gur i dtimpeallacht eile, timpeallacht and Bhéarla a mhair sé san ardchathair.... ''
Is scríbhneoir é Lorcán Ó Treasaigh. Tá BA sa Ghaeilge agus sa tSocheolaíocht bainte amach aige ó Choláiste Phádraig Má Nuad, chomh maith le hArdteastas san Oideachas ó Choláiste na Tríonóide. Is iad na leabhair atá scríofa aige ná: Sracfhéachaint (Coiscéim, 1986), An Dealbhadóir sa Ghairdín (Coiscéim, 1991), Comaitéir (Coiscéim, 1995), Céard é English? (2002) agus Cnoc na Lobhar (Cois Life, 2007