Product Description
Beirt bhuachaillí. Cairdeas. Ansin, grá.
Scéal mór-ráchairte LADTA+ faoin saol, faoin ngrá agus faoi gach uile rud idir eatarthu.
Tá Charlie agus Nick ag freastal ar an scoil chéanna, ach níl aon aithne acu ar a chéile – go dtí an lá gur gá dóibh suí in aice lena chéile. Tá siad mór lena chéile láithreach agus ní fada go dtosaíonn Charlie ag titim i ngrá lena chara nua. Níl ach fadhb amháin ann: níl seans dá laghad ann go mbraitheann Nick an bealach céanna faoi Charlie… nó an bhfuil?
Scríofa agus maisithe ag Alice Oseman. Aistrithe ag Eoin McEvoy
Sonraí - 233mm x 152mm, Portráid, Clúdach Bog 288 leathanach, Dubh agus Bán. 9781915684172
Faoin Údar- Alice Oseman
Tá go leor gradam bainte ag Alice Oseman dá cuid
scríbhneoireachta, dá hobair mhaisithe agus dá cuid
scriptscríbhneoireachta. Is í a chruthaigh an tsraith ghrafach LADTA+
Heartstopper agus is í a scríobh, a chruthaigh agus a léirigh an cóiriú
teilifíse den tsraith chéanna do Netflix. Is iomaí gradam atá bainte ag
a cuid leabhar, ina measc: YA Book Prize, Inky Awards, Carnegie
Medal agus Goodreads Choice Awards.
An t-Aistritheoir - Eoin McEvoy
Is teagascóir Gaeilge i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an
Bhéaloidis, UCD, é Eoin McEvoy. File, drámadóir agus aistritheoir,
scríobh sé, léirigh sé agus bhí sé mar aisteoir sa dráma Grindr, Saghdar
& Cher (2022-2023) in éindí le Ciara Ní É agus Sam Ó Fearraigh. Is é
Heartstopper a chéad aistriúchán do Futa Fata. As Uíbh Fhailí ó
dhúchas, tá cónaí anois air i mBaile Átha Cliath.
Foilsithe ag Futa Fata, 25ú Meitheamh 2024
Due for publication on or around 25th June 2024.