Product Description
Tá áthas ar Futa Fata coinneáil orthu ag díriú isteach ar mhargadh na ndéagóirí leis an tríú aistriúchán ón tsraith aitheanta iomráiteach, Heartstopper.
Níor cheap Charlie riamh go mbeadh mothúcháin ag Nick dósan freisin, ach anois tá siad ag siúl amach le chéile. Agus d’inis Nick dá mham é! Ach ní rud é an teacht amach a tharlaíonn uair amháin sa saol – tá deartháir Nick ann, agus turas go Páras, gan trácht ar na cairde agus na baill teaghlaigh eile go léir – agus bíonn an saol crua, fiú agus duine grámhar le do thaobh. De réir mar a rachaidh a gcuid mothúchán i ndoimhneacht, beidh gá níos mó ag Charlie is Nick lena chéile ná mar a bhí riamh cheana.
Faoin Údar- Alice Oseman
Tá go leor gradam bainte ag Alice Oseman dá cuid
scríbhneoireachta, dá hobair mhaisithe agus dá cuid
scriptscríbhneoireachta. Is í a chruthaigh an tsraith ghrafach LADTA+
Heartstopper agus is í a scríobh, a chruthaigh agus a léirigh an cóiriú
teilifíse den tsraith chéanna do Netflix. Is iomaí gradam atá bainte ag
a cuid leabhar, ina measc: YA Book Prize, Inky Awards, Carnegie
Medal agus Goodreads Choice Awards.
An t-Aistritheoir - Eoin McEvoy
Is teagascóir Gaeilge i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an
Bhéaloidis, UCD, é Eoin McEvoy. File, drámadóir agus aistritheoir,
scríobh sé, léirigh sé agus bhí sé mar aisteoir sa dráma Grindr, Saghdar
& Cher (2022-2023) in éindí le Ciara Ní É agus Sam Ó Fearraigh. Is é
Heartstopper a chéad aistriúchán do Futa Fata. As Uíbh Fhailí ó
dhúchas, tá cónaí anois air i mBaile Átha Cliath.
Foilsithe ag Futa Fata, Meitheamh 2025
Euro
British Pound