Product Description
168 lch; clúdach bog; 9781911363392
An dara leabhar in eipic mhór Chú Chulainn agus í ar fáil anois mar úrscéal grafach. San imleabhar seo insítear scéal a thurais go hAlbain sa tóir ar oiliúint in ealaín an chogaidh agus a fhilleadh ar Éirinn chun aghaidh a thabhairt ar ionradh Mhéibhe ar Chúige Uladh.
Insint láidir bhríomhar atá anseo ar an seanscéal agus é maisithe le fuinneamh is le teannadh. Leabhar í seo a dhúisíonn seanchuimhní an chine agus a spreagann samhlaíocht na hóige.
“Cé go bhfuil bunchreatlach an scéil ar eolas ag go leor níl an leabhar seo teanntaithe ag an seanscéal agus dá bhrí sin ní fada go dtéann sé agus na pictiúir chorraitheacha i bhfeidhm ort … Éiríonn thar cionn leis. Chuirfeadh úsáid chliste na ndathanna 'From Hell' nó 300 i gcuimhne duit.” — Eoin P. Ó Murchú, Nós
“Leagan iontach de scéal Cú Chulainn curtha ar fáil ag Paul Bolger agus Barry Devlin san úrscéal grafach seo atá aistrithe go Gaeilge ag Leabhar Breac. An chéad chuid de thriológ a phléann le hóige Shéadanda agus a shaol go dtí go cuirtear go hAlbain é le gaiscíocht a fhoghlaim ón mbanlaoch Scáthach.” —Aonghus Ó hAlmhain, Gobblefunked
A striking retelling of the Cuchulainn myth, in three colour illustration - black white and red. Barry Devlin is a filmmaker, and formerly part of cult Irish band Horslips.
Paul Bolger is an artist and animator, who worked at Don Bluth studios, Dagda film, and as a film director.
This is Volume 2 of a trilogy , preceded by Cosantoir and followed by Fuascailteoir