Product Description
Cloch mhíle ba ea 1926 i stair na hÉireann, tráth ar cuireadh go leor cor nua i saol na tíre a mairfeadh a rian go ceann i bhfad ina dhiaidh sin. Thosaigh an chéad stáisiún raidió 2RN ag craoladh, a ndéanfaí Raidió Éireann de níos faide anonn, agus bunaíodh coimisiún faoin airgeadra a d’úsáidfeadh an stát nuabhunaithe. Tar éis chonspóid Choimisiún na Teorann an bhliain roimhe, chláraigh rialtais an tSaorstáit agus na Breataine a gcomhaontú faoi chríocha oifigiúla an dá stát le Conradh na Náisiún sa Ghinéiv. Tháinig páirtí nua polaitiúil, Fianna Fáil, ar an bhfód a raibh sé mar bhunaidhm aige deireadh a chur leis an teorainn chéanna agus an Ghaeilge a athbheochan.
Ó thaobh na Gaeltachta, foilsíodh tuarascáil mhór faoi staid na teanga inti, toradh ar an gcéad gníomh suntasach idirghabhála ar son na gceantar sin a ghlac rialtas Chumann na nGaedheal an bhliain roimhe. In 1925, níos mó ná 30 bliain tar éis do Chonradh na Gaeilge teacht ar an bhfód, socraíodh go mbunófaí coimisiún chun iniúchadh a dhéanamh ar fhadhbanna na gceantar ina raibh an Ghaeilge fós á labhairt nó ina raibh eolas ag sciar suntasach den phobal uirthi. Ba é an Ginearál Risteárd Ó Maolchatha cathaoirleach an Choimisiúin, fear a raibh cúlra láidir aige san athbheochan le blianta fada roimhe sin, agus bhí daoine iomráiteacha eile a raibh lámh acu in obair na Gaeilge i measc na gcoimisinéirí.
Seo an chéad leabhar cuimsitheach faoin gCoimisiún sin ina ndéantar anailís ar an stocaireacht a thug ann dó, ar na Coimisinéirí féin agus ar an tuarascáil agus na mapaí a d'fhoilsigh sé. Pléitear freagraí an phobail agus an rialtais ar obair an Choimisiúin agus déantar measúnú ar an oidhreacht a d'fhág sé ina dhiaidh. Tugtar tús áite sa leabhar do ghuthanna na ndaoine ó cheann ceann na Gaeltachta a chuir fianaise i láthair an Choimisiúin.
Le foilsiú ag Cló Iar Chonnacht, Deireadh Fómhair, 2026.
Euro
British Pound