Product Description
Tá scéal Éadaoin agus Mhír á insint in Éirinn le breis mhaith agus míle bliain.
Baineann Máire Zepf casadh nua as an seanscéal ina leagan sise agus tugtar draíocht na samhlaíochta Gaelaí chun beatha in ealaín aoibhinn Shona Shirley Macdonald.
Is athinsint é An Féileacán agus an Rí ar sheanscéal Éadaoin agus Mír. Sna
seanleaganacha den scéal seo, ní bhíonn stiúir ar bith ag Éadaoin ar a saol féin.
Sa leagan seo, is í Éadaoin atá láidir cliste agus cé go gcuirtear faoi mhallacht í a
chuireann cruth féileacáin uirthi agus a scarann óna grá geal í, sa deireadh déanann
sí a cinneadh féin maidir leis an té a bhfuil grá aici dó.
Idir na focail agus na sármhaisiúcháin, tá an leabhar seo lán de chroí.
All of our books are second hand, and while you may not get the exact copy shown in the picture, all of our books are in very good condition. Removing stickers from a book may damage it, so we refrain from doing so. If you see a price sticker on a book, please ignore it.
Euro
British Pound