Product Description
Tá léargas cuimsitheach anseo ar an saol a bhí in Inis Treabhair, oileán beag amach ó Cheantar na nOileán i gConamara ó thús an 19ú céad go dtí gur bánaíodh an t-oileán i 2010. Tá cur síos ann ar na daoine, ar an tslí mhaireachtála, an scolaíocht, ag strachailt leis an talamh agus leis an bhfarraige chomh maith leis an gcruatan a bhaineann le saol oileánda.
Tá agallaimh agus cuimhní cinn ann le daoine a raibh orthu an t-oileán a
thréigean agus léiríonn siad an cumha i ndiaidh a muintire agus a gceantar
dúchais, áit nach raibh i bhfad óna gcroí riamh.
Is foinse saibhir eolais é seo do shliocht an oileáin agus a muintir ina bhfuil go
leor grianghraf freisin nach bhfacthas cheana.
AN tÚDAR
In Inis Treabhair i gConamara a rugadh Pádraic Ó Conghaile. Tá suim faoi leith
aige sa stair áitiúil agus go háirithe an stair a bheas imithe leis an nglúin seo. Is mar gheall ar an mbaint atá aige le Cumann Peile Naomh Anna le breis agus
50 bliain is fearr aithne air. Bronnadh Gradam an Uachtaráin Chumann
Lúthchleas Gael (CLG) air i mí Eanáir 2026. Chuir sé an leabhar Stair Chumann Peile Naomh Anna 1964–2014 in eagar.
Euro
British Pound