Product Description
Tá stíl ag Ottó agus is breá leis éadaí deasa faiseanta. Ach ní thuigeann Mamó rud ar bith faoi chúrsaí faisin dar leis. Nuair a thagann geansaí cniotáilte eile sa bpost uaithi, socraíonn Ottó go bhfuil sé thar am aige rud éigin a dhéanamh chun oideachas a chur ar Mhamó maidir le cúrsaí faisin. Ach ní fada nó go bhfoghlaimíonn Ottó fhéin ceacht.
Cuireann maisiúcháin Róisín Hahessy beocht agus brí sa scéal grámhar greannmhar seo le Sadhbh Devlin.
Otto has style. He loves beautiful clothes. But his Gran hasn’t a clue about fashion. When yet another naff jumper arrives in the post, Otto knows he has to do something.
Euro
British Pound