Product Description
Samhradh na bliana 1969, tugtar triúr ógánach le chéile ar thránna iarthar Chorcaí, triúr a n-athraítear a saol ó bhonn nuair a thagann an ceathrú duine ina measc, garmhac an Ghinearáil. Deich mbliana níos deireanaí a thagann deireadh leis an scéal, agus an Ginearál ar leaba a bháis. Scéal grá agus tragóid é seo a suitear i saol atá comhthreomhar, ach nach bhfuil ródhifriúil, le saol ár linne féin.
Buaiteoir Dhuais an Oireachtais
“Tá úrscéalaí sciliúil anseo, a thuigeann conas fiosracht a mhúscailt agus léitheoir a mhealladh isteach i scéal … Ón gcéad radharc táimid gafa ag scéal a nochtann de réir a chéile – Eíre faoi dhaorsmacht agus domhan coimhthíoch ann a n-éiríonn leis, mar sin féin, an léitheoir a mhealladh go hiomlán toisc a fheabhas agus a dhéanann an scríbhneoir ionramháil ar charachtair agus ar dheiseanna na húrscéalaíochta.” —Róisín Ní Ghairbhí
Scéal grá suite in Éirinn atá beagán difriúil
“Scéal breá é seo, scéal grá agus caidrimh, suite in Éirinn atá beagán difriúil ón tír a bhfuil taithí againn uirthi.” —Liam Mac Cóil
Úrscéalaí sciliúil mealltach
I gCorcaigh atá cónaí ar Cholm Ó Ceallacháin. Dhá chnuasach gearrscéalta leis atá i gcló, I dTír Mhilis na mBeo (2017) — saothar a bhain gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin amach — agus Ré na bhFathach (2021). Tá duaiseanna Oireachtais buaite aige, chomh maith le dámhachtainí ón gComhairle Ealaíon. Is é Fiche an chéad úrscéal óna pheann.
Éacht is ea Fiche
“Gan fiacail a chur ann is éacht é an t-úrscéal Fiche …. Mar atá déanta aige sa dá chnuasach gearrscéalta, caitheann Colm dua lena cheird. Ní fhágann sé cloch gan iompú agus é ag iarraidh an t-ábhar a chur os comhair an léitheora. Tá a dhearcadh féin ar an saol aige agus is fíorscríbhneoir é. Cleachtann sé stíl thaitneamhach, lom, údarásach. Tá ar a chumas scéal maith a insint ionas go gcreidtear é. Mar dhuine agus mar scríbhneoir gabhann sé a bhealach féin i gcónaí go neamhspleách, grástúil.” — Micheál Ó Ruairc, Comhar
“Fiche is a highly original, thought-provoking and impressive début novel from a very talented writer. It certainly deserved its shortlisting for this year’s Gradam Uí Shúilleabháin, the award for best new work of prose in Irish.” — Anna Heussaff, Books Ireland
Euro
British Pound