Product Description
Tá rudaí aisteacha ag tarlú ar an mbaile i rith na hoíche. Tá páistí ag cur fiacla faoina bpiliúir do Shióg na bhFiacla, ach ní féirín deas airgid a bhíonn ann ar maidin ach... damhán alla mór, nó seilide gránna nó na céadta feithidí beaga ag rith thart. Tá drochobair ar bun ag duine éigin. Ach cén duine?
Leagan Gaeilge
Is eagarthóir agus aistritheoir í Máirín Ní Mhárta. Tá sealanna caite aici ag obair le Lár-Aonad Aistriúcháin na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus mar bhall d’fhoireann an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge. Tá riar leabhar aistrithe aici do Futa Fata, ina measc an chéad trí theideal sa tsraith DIARY OF A WIMPY KID (DIALANN DÚRADÁIN), na húrscéalta AMÚ, CUILEOG agus TIARNÁN AGUS AN tÉINÍN chomh maith le teidil éagsúla eile, idir fhicsean agus neamhfhicsean.
Dáta Foilsithe: Samhain 2020 ( as gaeilge ) Foilsíódh Demon Dentist i 2013
Údar: David Walliams
Aistritheoir: Máirín Ní Mhárta
Lándaite, Clúdach bog ( paperback) Maisithe ag Tony Ross.
Líon na lth: 448 lth
ISBN: 9781910945643
Euro
British Pound