Product Description
Faoi scáth na gcainteanna Angla- Éireannacha i dtús na seachtóidí agus go luath sna 1980idí, tugann an t-úrscéal seo spléachadh dúinn ar an spiaireacht
agus ar spiairí. Déanann an t-údar cur síos ar chleachtais na ngníomhairí, ar
ghníomhairí dúbailte, ar chóid agus ar rúnscríobh. Casann muid le gníomhairí
rúnda dorcha agus doiléire na Ríochta Aontaithe agus iad ag cur a ladair i
gcúrsaí lasmuigh dá sainchúram. Tugann an scéal ar aistear muid ón Liobáin go dtí an Aithin agus as sin go Tehran leis an fhírinne a nochtadh.
An bhfuil ceachtanna luachmhara foghlamtha ag na hÉireannaigh ó ré Ultra
agus Páirc Bletchley? Nach féidir le Peadar agus a chriú feall na gcianta a
fhilleadh le gliceas dá gcuid féin?
As Sligeach ó dhúchas do Frank Reidy ach tá cónaí air i gConamara anois. Iar-
cheannfort airm é a chaith tréimhsí sa Meán-Oirthear agus i Ruanda. Fileann sé
ar an Afraic go minic agus tá cuid mhaith taistil déanta aige ar fud na hÁise. Is craoltóir rialta é ar Raidió na Gaeltachta agus ar TG4.
Tá dhá leabhar taistil foilsithe aige, Ó Chósta go Cósta, (2010), a bhuaigh gradam Leabhar na Bliana, agus Seal san Aetóip (2013) Is é Go Gaineamh Rua an chéad úrscéal óna pheann.
Euro
British Pound