Product Description
Is athinsint é An Féileacán agus an Rí ar sheanscéal grá Éadaoin agus Mhír, scéal a cumadh breis is míle bliain ó shin. Insíonn Zepf cúlra an scéil i réamhrá gairid. Luann sí nach raibh aon stiúir ag Éadaoin ar a saol sna seanleaganacha, ach sa leagan seo, tá smacht ag Éadaoin ar a cinniúint féin. Tá Éadaoin agus Mír le pósadh, ach cuirtear mallacht ar
Éadaoin agus tagann cruth féileacáin bhig uirthi. Tá an leabhar seo sármhaisithe ag Shona Shirley Macdonald. Éiríonn le Zepf scéal mealltach a insint ar bhealach simplí, le friotal fileata in úsáid go minic.
Tugann sí beocht do scéal Éadaoin agus Mhír don chéad ghlúin
eile. (Aois 8–10, 10–12)
Euro
British Pound