Product Description
San úrscéal seo, a fheictear trí shúile Bhríd Ní Mháille, an bhean a chum
‘Amhrán an Bhá’ agus ‘Amhrán South Boston’, tugtar léargas ar a saol i
mBoston, an t-uaigneas agus an briseadh croí tar éis tubaiste inár
báthadh a triúr dearthár, a grá do na hamhráin agus an cumha i ndiaidh a
ceantar dúchais, an Trá Bháin, áit nach raibh i bhfad riamh óna croí ná óna
hintinn.
Úrscéal láidir cumasach, cumhachtach, fileata, ceolmhar . . . tá stíl bhreá shoiléir dhíreach anseo. Féachann an scéal le dul isteach in intinn Bhríd agus éiríonn leis sin a dhéanamh agus an léitheoir a thabhairt leis.
–An tOireachtas
AN tÚDAR
In Inis Treabhair i gConamara a rugadh Micheál Ó Conghaile. Is mar scríbhneoir cruthaitheach is mó atá aithne air. Tá idir fhilíocht agus phrós, leabhair do pháistí, drámaí agus aistriúcháin foilsithe aige.
Tá riar maith leabhar faoi amhránaíocht na Gaeilge curtha in eagar aige freisin.
Ar na leabhair is deireanaí uaidh tá An Bhlaosc sa Bhois (2024) agus Stop your
Shenanigans: Colourful Words for Everyday Use (2026).
Euro
British Pound