Product Description
Tá áthas ar Futa Fata cur lena saothair do dhéagóirí leis an dara haistriúchán ón tsraith aitheanta iomráiteach, Heartstopper!
Tá a fhios ag Nick go bhfuil Charlie aerach, agus creideann Charlie nach bhfuil Nick! Ach, is scéal casta é an grá agus tá Nick ag foghlaim go leor rudaí faoina chuid cairde, faoina theaghlach… agus faoi féin! Pléann Heartstopper téamaí cosúil le cairdeas, dílseacht agus meabhairghalar. Díríonn sé ar na nithe beaga i saol Nick agus Charlie, na nithe beaga a dhéanann suas na rudaí móra tábhachtacha, a bhaineann linn ar fad.
Scríofa agus maisithe ag Alice Oseman. Aistrithe ag Eoin McEvoy
Sonraí - 233mm x 152mm, Portráid, Clúdach Bog 288 leathanach, Dubh agus Bán. 9781915684240
Faoin Údar- Alice Oseman
Tá go leor gradam bainte ag Alice Oseman dá cuid
scríbhneoireachta, dá hobair mhaisithe agus dá cuid
scriptscríbhneoireachta. Is í a chruthaigh an tsraith ghrafach LADTA+
Heartstopper agus is í a scríobh, a chruthaigh agus a léirigh an cóiriú
teilifíse den tsraith chéanna do Netflix. Is iomaí gradam atá bainte ag
a cuid leabhar, ina measc: YA Book Prize, Inky Awards, Carnegie
Medal agus Goodreads Choice Awards.
An t-Aistritheoir - Eoin McEvoy
Is teagascóir Gaeilge i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an
Bhéaloidis, UCD, é Eoin McEvoy. File, drámadóir agus aistritheoir,
scríobh sé, léirigh sé agus bhí sé mar aisteoir sa dráma Grindr, Saghdar
& Cher (2022-2023) in éindí le Ciara Ní É agus Sam Ó Fearraigh. Is é
Heartstopper a chéad aistriúchán do Futa Fata. As Uíbh Fhailí ó
dhúchas, tá cónaí anois air i mBaile Átha Cliath.
Foilsithe ag Futa Fata, Meitheamh 2025