Product Description
Saothar cuimsitheach staire a thugann cuireadh don léitheoir dul ar thuras ama
chun scéal na háite a rianú. Insítear scéal an cheantair trí shúile a mhuintire, le
cnuasach breá de ghrianghraif fite fuaite tríd an téacs chun gné phearsanta, bheo a thabhairt de scéal an phobail seo.
Is scéal é seo faoin gcaoi ar tháinig pobal slán trí chogadh, imirce,
bochtaineacht agus corraíl shóisialta.
Déantar cur síos ar bhunú an chlub peileagus ar thús an tsacair ar an gCeathrú
Rua – scéalta a léiríonn gurb é an spórt, níos mó ná aon ní eile, a nascann pobal na háite le chéile agus a spreag an bláthú a tháinig ar an gceantar sna1960idí agus 1970idí. Ní staireolaíocht thirim í seo, ach cuntas beo ar an misneach, an dílseacht agus an spiorad pobail atá fite fuaite i ngach orlach den
leithinis.
MICHEÁL Ó MÁILLE
As an gCeathrú Rua é Miicheál Ó Máille agus tá sé ina phríomhoide ar Scoil
Náisiúnta Bhriocáin i Ros Muc. Tá spéis mhór aige sa stair áitiúil, go háirithe sa
stair sin atá ligthe i ndearmad nó a bhí ceilte le fada an lá. Tá roinnt saothar
staire foilsithe aige, ina measc cuntas ar Scoil Bhriocáin (2012), Scoil an Ghoirt
Mhóir agus an t-Éirí Amach (2016), agus Fréamhacha na Saoirse (2019).
Euro
British Pound